Molaim ceisteanna Uimh. 130 go 132, cuimsitheach, a fhreagairt le chéile.
Ag cruinniú a tharla ar an 30 Deireadh Fómhair 2013, ghlac an Rialtas le cur chuige nua chun tacú le hinniúlacht Gaeilge sa stát seirbhís. Tugadh na socraithe nua seo isteach chun teacht in áit an chórais a bhí ann go dtí seo faoina dtugtaí marcanna breise as a bheith inniúil sa Ghaeilge i gcomórtais earcaithe agus ardú céime. An fáth a bhí leis an gcinneadh seo ná nach raibh ag éirí leis an sean-chóras ó thaobh spriocanna an Rialtais maidir le hinniúlacht Ghaeilge sa stát-seibhís a bhaint amach.
De réir an pholasaí nua, tá beartais á gcur i bhfeidhm chun an méid daoine atá in ann a gcuid oibre a dhéanamh go dátheangach a mhéadú. Tá sé seo a dhéanamh chun go mbeadh cur chuige ann a bheidh dírithe ar inniúlacht i gcomhthéacs comórtais earcaithe agus, mar is cuí, ardú céime.
Mar sin, ní bheidh marcanna breise le haghaidh inniúlacht Ghaeilge i gceist le comórtais earcaithe nó ardú céime a gcuirfear tús leo tar éis an 30 Deireadh Fómhair 2013. I gcás comórtais a bhí ar bun cheana féin a raibh marcanna breise don Ghaeilge i gceist leo, déanfar iad seo a riarú de réir an sean-chórais.
Chun an cinneadh Rialtais a chur i bhfeidhm, déanfaidh mo Roinn leasú ar an bhFráma Pleanála Foirne do Ranna Rialtais. As seo amach, beidh ar Ranna na poist/cinéal oibre a theastóidh daoine le Gaeilge a aithint agus iad seo a leagadh síos ina gcuid pleananna foirne. Maidir le cur i bhfeidhm an Acht Gaeltachta 2012, iarrfar ar Ranna díriú ach go háirithe ar phoist atá lonnaithe i gceantair Ghaeltachta nó a bheidh ag déanamh freastail ar na ceantair sin. Beidh an próiseas seo lárnach maidir le cinntiú go dtógfar san áireamh líonadh post le riachtanais Ghaeilge i gcomhthéacs comórtais earcaithe agus ardú céime a reachtálann an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí.
Maidir le comórtais earcaithe agus ardú céime a chuireann Ranna aonair ar bun, déanfar measúnú maidir le gá le daoine atá inniúil le Gaeilge agus, nuair is gá agus mar is cuí, cruthófar fo-phainéal do dhaoine atá inniúil go dátheangach.
Tagann na socruithe nua in áit na scéime maidir le marcanna breise don Ghaeilge a tugadh isteach beagnach 40 bliain ó shin tar éis gur cuireadh deireadh le Gaeilge éigeantach le haghaidh dul isteach sa stát-seirbhís. Mar chéad chéim, cuirfear na socruithe nua i bhfeidhm don chomórtas earcaithe do Oifigigh Feidhmiúcháin (OF), go bhfuil sé i gceist a reachtáil go luath. Tá sé beartaithe fo-phainéal do dhaoine atá inniúil go dátheangach a chruthú a mbeidh 6% de líon an phainéil OF iomláin air.
De réir na socruithe nua, i gcás go n-aithnítear post i Roinn Rialtais mar phost le riachtanas Gaeilge, tá sé i gceist go líonfaí é le duine atá inniúil go dátheangach. Is faoi na Ranna féin a bheidh sé conas úsáid a bhaint as a bhfoireann atá sna poist sin faoi láthair.
Chuir mo Roinn na socruithe nua in iúl do Ranna Rialtais ar an 6 Samhain 2013. Ar an 17 Nollaig 2013, scríobh mo Roinn chuig na Ranna chun iarraidh orthu athbhreithniú a dhéanamh ar na Framaí Pleanála Foirne a bhí réitithe acu cheana féin agus poist/cinéal oibre a theastaíonn daoine atá inniúil go dátheangach a aithint. Tá iarrtha orthu an t-eolas seo a chur san áireamh i bplean foirne leasaithe agus é seo a chur faoi bhráid na Roinne seo roimh an 17 Eanáir 2014.