Skip to main content
Normal View

Scéim na mBóithre Áise

Dáil Éireann Debate, Thursday - 16 January 2014

Thursday, 16 January 2014

Questions (182)

Éamon Ó Cuív

Question:

182. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige airgead faoi leith a chur ar fáil faoi scéim na mbóithre áise chun cúnamh a thabhairt do dhaoine a ndearnadh scrios ar bhóithre ina gceantar nach bhfuil faoi chúram na gcomhairlí contae, sna stoirmeacha a bhí ann le gairid; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [2054/14]

View answer

Written answers

I bhfianaise an bhuiséid teoranta atá ar fáil do mo Roinn agus i gcomhthéacs na dtosaíochtaí atá aitheanta sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030, is féidir liom a dheimhniú nach bhfuil sé i gceist ag mo Roinn an scéim seo a athoscailt sa mheántéarma.

Mar is eol don Teachta, ní foláir, cuireadh tuairisc eatramhach maidir leis an damáiste stoirme faoi bhráid an Rialtais inné agus tá tuilleadh oibre le déanamh, i gcomhar le comhairlí contae agus áisíneachtaí eile, chun measúnú iomlán a dhéanamh ar an dochar a rinneadh. Ní miste dom a lua go bhfuil scríofa agam chuig an Aire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil agus chuig an Aire Stáit ag Oifig na nOibreacha Poiblí chun aird ar leith a dhíriú ar an damáiste a tharla ar na hoileáin.

Top
Share