Skip to main content
Normal View

Gaelscoileanna Issues

Dáil Éireann Debate, Thursday - 16 January 2014

Thursday, 16 January 2014

Questions (97)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

97. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Oideachais agus Scileanna an mbíonn sé féin nó a oifigigh i dteagmháil go rialta le coiste bunaithe Ghaelcholáiste an Phiarsaigh, gaelcholáiste úr i mBaile Átha Cliath, maidir le suíomh sealadach agus suíomh buan a roghnú don choláiste atá le tosú i mí Mheán Fómhair i mbliana, agus cad é an scéal is déanaí maidir leis an gcoláiste seo agus cén uair a bheidh na cinntí cuí déanta. [1937/14]

View answer

Written answers

Tá mo Roinnse ag obair i gcomhar le pátrún Ghaelcholáiste an Phiarsaigh chun cóiríocht chuí a shainaithint agus a aimsiú do thosach na scoile in 2014.

Maidir le suíomh buan an Ghaelcholáiste, táthar tar éis roinnt roghanna a shainaithint agus tá siad seo á gcur chun cinn. Tá caibidlíocht ar siúl i gcónaí agus, dá bhrí sin, i bhfianaise na n-íogaireachtaí a bhaineann le héadáil talún níl ar mo chumas aon ráiteas eile a thabhairt ag an dtráth seo.

Top
Share