Skip to main content
Normal View

Gaelscoileanna Issues

Dáil Éireann Debate, Thursday - 23 January 2014

Thursday, 23 January 2014

Questions (72)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

72. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Oideachais agus Scileanna cén uair a bheidh plean foirfe ann maidir le scoil nua do Ghaelcholáiste Reachrann i nDomhnach Míde, Baile Átha Cliath, agus an dtuigeann sé an phráinn a bhaineann leis an gcás seo toisc go bhfuil daltaí agus múinteoirí ag fanacht ar fhoirgneamh buan le 13 bliana anuas agus go bhfuil 380 dalta sa scoil faoi láthair agus go mbeidh breis is 500 ag freastal uirthi i gceann trí bliana agus toisc nach bhfuil na foirgnimh ina bhfuil said lonnaithe faoi láthair sásúil ar chor ar bith. [3241/14]

View answer

Written answers

Tá an tionscadal mór tógála don scoil dá dtagraíonn an Teachta ag céim luath den phleanáil ailtireachta, céim 2a. Ar chéim 2a a bheith curtha i gcrích go sásúil, agus ar an gcoinníoll nach dtagann aon dálaí eile i gceist, rachaidh an tionscadal ar aghaidh go dtí Céim 2(b) ar a n-áirítear iarratais ar Chead Pleanála, Deimhniúchán Sábháilteachta Dóiteán, Deimhniúchán Rochtana do Dhaoine Míchumasacha agus ullmhú doiciméad tairisceana.

I bhfianaise na n-éileamh iomaíocha ar bhuiséad caipitil na Roinne, agus de bharr an ghá leis an mhaoiniú teoranta atá ar fáil a chur in ord tosaíochta do sholáthar cóiríochta breise scoile chun freastal ar riachtanais mhéadaitheacha dhéimeagrafacha, níorbh fhéidir an tionscadal seo a chur san áireamh sa chlár tógála 5 bliana a fógraíodh i mí Márta 2012.

Coinneofar i gcónaí ar thionscadail thógála scoile, an tionscadal dá dtagraíonn an Teachta ina measc, ar cuireadh tús leo roimhe seo ach nár cuireadh san áireamh sa chlár tógála reatha chúig bliana, a chur ar aghaidh go dtí na céimeanna deiridh pleanála le súil go mb'fhéidir go mbeidh maoiniú eile ar fáil don Roinn amach anseo.

Top
Share