Skip to main content
Normal View

Seirbhísí Farantóireachta

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 29 January 2014

Wednesday, 29 January 2014

Questions (10)

Éamon Ó Cuív

Question:

10. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cén fath nach bhfuil conradh seirbhísí farantóireachta fóirdheonaithe chuig Árainn ann; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [3976/14]

View answer

Written answers

Mar a dúirt mé i bhfreagra ar Cheist Dála Uimh. 137 ón Teachta ar 23 Eanáir 2014, tháinig deireadh le conradh farantóireachta Árann ar 31 Eanáir 2013. Bhí mo Roinn tar éis léirithe spéise a lorg don chonradh ar chóras e-tenders agus seoladh cáipéisí tairisceana amach le dáta dúnta den 21 Nollaig 2012. Níor tháinig aon tairiscint ar ais chuig mo Roinn, is é sin le rá nár chuir aon chomhlacht nó aon ghnó isteach air. Bhí plé ina dhiaidh sin ag mo Roinn leis an bhfarantóir a bhí ag cur na seirbhíse ar fáil d'Árainn, féachaint an bhféadfaí an conradh a athnuachan ar na téarmaí céanna a bhí ann go dtí sin. Níor éirigh leis na cainteanna sin mar nach bhféadfadh mo Roinn glacadh le héileamh an fharantóra ardú ollmhór a cheadú san fhóirdheontas i gcás seirbhíse a bhí, de réir cosúlachta, brabúsach cheana féin.

Mar a thuigeann an Teachta, cuireadh in iúl ag an am go mbeadh sé ar chumas an fharantóra leanúint leis an tseirbhís chéanna gan chúnamh Stáit, mar go raibh inmharthanacht tráchtála ann, agus is mar sin atá an scéal ó shin.

Tuigim go bhfuil éiginnteacht áirithe ann faoi láthair go leanfar leis an leibhéal céanna seirbhíse a bhí ann le bliain anuas. Faoi mar a chuir mé in iúl don Teachta nuair a pléadh an t-ábhar seo sa Teach ar 31 Eanáir 2013, tá mo Roinn go hiomlán oscailte tabhairt faoi aon chéimeanna réasúnta gur féidir léi a chabhródh leis an gceist seo a réiteach, faoi réir na rialacha soláthair poiblí agus na srianta airgeadais atá ann. Bhí cruinniú ag oifigigh mo Roinnse leis an bhfarantóir agus le hionadaithe an oileáin le déanaí agus pléadh féidearthachtaí éagsúla. Leanfar leis na hiarrachtaí seo amach anseo le cinntiú, feadh ár gcumais, go mbeidh seirbhís rialta farantóireachta ar fáil d'Árainn ar chostas réasúnta i gcaitheamh na bliana.

Top
Share