Tá mo Roinnse lán-tiomanta d'fhorfheidhmiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge. Go nuige seo, tá mo Roinnse tar éis díriú ar bhearta oideachasúla sa Straitéis 20 Bliain a cur i gcrích a bhaineann leis an gcuraclam, le measúnú agus le hoideachas múinteoirí. Mar shampla, tá obair a rinne an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta maidir le forbairt curaclaim nua chomhtháite teanga don Bhéarla agus don Ghaeilge ag an mbunleibhéal curtha chun cinn go maith. Beidh an curaclam seo le fáil ó na naíonáin suas go dtí an dara rang i mí Mheán Fómhair 2014. Tá tús curtha chomh maith le forbairt sonraíochta nua don Ghaeilge ag an tSraith Shóisearach.
Tá miontuairisc ar fheidhmiú na mbeart oideachais sa Straitéis 20 Bliain ar fáil ar shuíomh greasáin na Roinne http://www.education.ie/ga/Foilseacháin/Tuarascálacha-Beartais/Straitéis-20-Bliain-don-Ghaeilge-2010-2030.pdf