Skip to main content
Normal View

Seirbhísí Farantóireachta

Dáil Éireann Debate, Thursday - 3 April 2014

Thursday, 3 April 2014

Questions (130)

Éamon Ó Cuív

Question:

130. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cén uair a chasfaidh an tAire Stáit ina Roinn le hionadaithe ó phobal Árann leis an easpa seirbhíse farantóireachta paisinéirí fordheonaithe go dtí an t-oileán a phlé; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [15836/14]

View answer

Written answers

Bhí cruinniú ag oifigigh mo Roinne le hionadaithe Inis Mór maidir leis an ábhar seo. Táim féin ar fáil le bualadh le hionadaithe ón oileán chun an t-ábhar a phlé tuilleadh, má éilítear a leithéid de chruinniú.

Top
Share