Skip to main content
Normal View

Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 8 April 2014

Tuesday, 8 April 2014

Questions (331)

Éamon Ó Cuív

Question:

331. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cén líon tithe a choinnigh níos mó ná 12 scoláire anuraidh; cén líon díobh sin a choinnigh níos mó ná 12 scoláire ar feadh téarma amháin, dhá théarma, trí théarma agus ceithre théarma; cén líon iomlán teaghlach a choinnigh mic léinn faoi scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge anuraidh, briste síos ar an gcaoi chéanna; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [16434/14]

View answer

Written answers

Mar is eol don Teachta, eagraíonn na coláistí Gaeilge cúrsaí éagsúla sa Ghaeltacht agus bíonn formhór na gcúrsaí ar siúl i rith an tsamhraidh de ghnáth. Maireann formhór na gcúrsaí 3 seachtaine ach ceadaítear cúrsaí coicíse agus cúrsaí speisialta chomh maith le cúrsaí le haghaidh ábhair oidí. Tá eolas tugtha sna táblaí thíos faoin líon teaghlach a raibh níos mó ná 12 foghlaimeoir agus ábhar oide ar iostas leo i Meitheamh, Iúil agus Lúnasa 2013 chomh maith leis an líon iomlán teaghlach a raibh foghlaimeoirí agus ábhair oidí ar iostas leo in 2013. Níl eolas sainiúil ar fáil maidir le gach cúrsa san fhormáid ar leith atá iarrtha ag an Teachta.

Líon iomlán teaghlach le níos mó ná 12 foghlaimeoir in 2013

Contae

Meitheamh

Iúil

Lúnasa (Cúrsa 1)

Lúnasa (Cúrsa 2)

Dún na nGall

34

28

4

0

Maigh Eo

18

17

17

0

Ciarraí

27

9

0

0

Corcaigh

4

2

2

0

Port Láirge

4

1

0

0

Gaillimh

152

89

23

4

An Mhí

8

5

6

0

Líon iomlán teaghlach

247

151

52

4

Líon iomlán teaghlach le níos mó ná 12 ábhar oide in 2013

Contae

2013

Dún na nGall

0

Maigh Eo

0

Ciarraí

17

Corcaigh

0

Port Láirge

0

Gaillimh

23

An Mhí

0

Líon iomlán teaghlach

40

Líon iomlán teaghlach a chur lóistín ar fáil d’fhoghlaimeoirí agus d'ábhar oidí in 2013

Contae

2013

Dún na nGall

143

Maigh Eo

41

Ciarraí

48

Corcaigh

11

Port Láirge

16

Gaillimh

376

An Mhí

9

Líon iomlán teaghlach

644

Top
Share