Skip to main content
Normal View

Costais Aistriúcháin

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 8 April 2014

Tuesday, 8 April 2014

Questions (342)

Éamon Ó Cuív

Question:

342. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha cén méid airgid a caitheadh in 2013 ar aistriú doiciméad ó Bhéarla go Gaeilge nó ó Ghaeilge go Béarla, agus ó theangacha eile go Béarla agus ó Bhéarla go teangacha eile, faoi seach; cad ba chaiteachas iomlán riaracháin na Roinne sa bhliain 2013; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [16132/14]

View answer

Written answers

An caiteachas a bhí ann thar na fo-cheannteideal riaracháin i mbuiséad bliantúil mo Rannóg in 2013 ná €21.629m. Curtha san áireamh bhí íocaíochtaí ar méid €23,189 le haghaidh seirbhísí aistriúcháin. Tá briseadh síos déanta ar na seirbhísí seo a leanas:- €200 ag aistriú Gaeilge go Béarla; - €22,989 ag aistriú Béarla go Gaeilge. Bhí caiteachas sa bhreis ag baint le seirbhísí aistriúcháin i gcláir chaiteachas mo Rannóg féin. Bhí costas ar méid €3,117 le haghaidh aistriúcháin ar dhoiciméid ó Spáinnis go Béarla.

Top
Share