Skip to main content
Normal View

Costais Aistriúcháin

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 8 April 2014

Tuesday, 8 April 2014

Questions (486)

Éamon Ó Cuív

Question:

486. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara cén méid airgid a caitheadh in 2013 ar aistriú doiciméad ó Bhéarla go Gaeilge nó ó Ghaeilge go Béarla, agus ó theangacha eile go Béarla agus ó Bhéarla go teangacha eile, faoi seach; cad ba chaiteachas iomlán riaracháin na Roinne sa bhliain 2013; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [16129/14]

View answer

Written answers

I rith 2013 caitheadh €14,572.40 ar sheirbhísí aistriúcháin i mo Roinn. Bhain €13,904.84 den mhéid sin ar cháipéisí a aistriú ó Bhéarla go Gaeilge agus ó Ghaeilge go Béarla. €667.56 a caitheadh ar cháipéisí a aistriú go teangacha eile agus as teangacha eile.

Top
Share