Skip to main content
Normal View

Translation Services Expenditure

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 8 April 2014

Tuesday, 8 April 2014

Questions (528)

Éamon Ó Cuív

Question:

528. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Leanaí agus Gnóthaí Óige cén méid airgid a caitheadh in 2013 ar aistriú doiciméad ó Bhéarla go Gaeilge nó ó Ghaeilge go Béarla, agus ó theangacha eile go Béarla agus ó Bhéarla go teangacha eile, faoi seach; cad ba chaiteachas iomlán riaracháin na Roinne sa bhliain 2013; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [16131/14]

View answer

Written answers

Tá an t-eolas maidir leis an mhéid airgid a chaith mo Roinn ar sheirbhísí aistriúcháin in 2013 leagtha amach sa tábla seo a leanas:

Aistriúcháin

Costas sa bhliain 2013

Béarla/Gaeilge

€9,076

Béarla/Teangacha eile

-

Iomlán

€9,076

Ina theannta sin, chaith an Roinn €9.491 milliún ar chostas riaracháin sa bhliain sin.

Top
Share