Skip to main content
Normal View

Costais Aistriúcháin

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 8 April 2014

Tuesday, 8 April 2014

Questions (64)

Éamon Ó Cuív

Question:

64. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den an Tánaiste agus Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála cén méid airgid a chaitheadh in 2013 ar aistriú doiciméad ó Bhéarla go Gaeilge nó ó Ghaeilge go Béarla, agus ó theangacha eile go Béarla agus ó Bhéarla go teangacha eile, faoi seach; cad ba chaiteachas iomlán riaracháin na Roinne sa bhliain 2013; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [16137/14]

View answer

Written answers

Bhí caiteachas riaracháin de €171.8 milliún in iomlán ag mo Roinn sa bhliain 2013. Tá an t-eolas atá á lorg ag an dTeachta leagtha amach sa tábla a leanas:

Aistriúchán

Costais €

Gaeilge go Béarla

0

Béarla go Gaeilge:

- Aistriúchán téacs iomláin suíomh idirlíon na Roinne, costais eisceachtúla a bhaineann le 2013 amháin;

- Gnáth Aistriúchán.

79,816

8,612

Béarla go Fraincis

2,468

Béarla go Gearmáinis

1,102

Béarla go hIodáilis

200

Béarla go Gréigis

889

Béarla go Mandairínis

1,012

Béarla go Cóiréis

1,050

Béarla go Polainnis

1,059

Béarla go Tuircis

368

Béarla go Vítneamais

151

Béarla go Seice

483

Béarla go Portaingéilis

344

Araibis go Béarla

1,199

Iomlán

98,753

Top
Share