Skip to main content
Normal View

Acht na dTeangacha Oifigiúla

Dáil Éireann Debate, Thursday - 17 April 2014

Thursday, 17 April 2014

Questions (4)

Michael P. Kitt

Question:

4. D'fhiafraigh Deputy Michael P. Kitt den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cad é an dul chun cinn atá déanta maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla, ceannteidil an Bhille a fhoilsiú, neamhspleáchas Oifig an Choimisinéara a chosaint; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [18131/14]

View answer

Oral answers (6 contributions)

Tá deireadh curtha leis an bplean Oifig an Choimisinéara Teanga a chónascadh le hOifig an Ombudsman agus cuirim fáilte roimh an gcinneadh sin. Is cinneadh praiticiúil é seo a chosnaíonn neamhspleáchas Oifig an Choimisinéara Teanga. Céard atá i ndán anois d'Oifig an Choimisinéara Teanga agus cén stádas a bheidh ag an oifig amach anseo?

I gcomhréir leis an ghealltanas atá tugtha i gclár an Rialtais, tá athbhreithniú déanta ag mo Roinn ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Ba í aidhm an athbhreithnithe a chinntiú go mbainfear an leas is fearr as caiteachas ar an nGaeilge chun an teanga a fhorbairt agus go bhforchuirtear dualgas go cuí de réir éilimh ó shaoránaigh.

Ag eascairt as an athbhreithniú, thóg an Rialtas cinneadh ar 1 Aibreán 2014 Bille a dhréachtú chun leasuithe a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Is í an phríomhaidhm a bheidh ag Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2014 ná an tAcht a leasú chun a chinntiú go leanfaidh sé de bheith ina thacaíocht éifeachtach do gach duine ar mian leis nó léi seirbhísí d’ardchaighdeán i nGaeilge a fháil ón Stát.

I gcomhréir le polasaí an Rialtais, tá ceannteidil an Bhille curtha faoi bhráid an Chomhchoiste um Chomhshaol, Chultúr agus an Ghaeltacht. Chomh maith leis sin, tá na ceannteidil foilsithe ar shuíomh gréasáin mo Roinne, www.ahg.gov.ie, in éineacht leis an tuairisc ar an athbhreithniú agus na haighneachtaí a fuarthas uathu siúd a chuir in iúl go raibh siad sásta go bhfoilseofaí iad. I gcomhthéacs an athbhreithnithe, tá cinneadh tógtha ag an Rialtas gan Oifig an Choimisinéara Teanga a chónascadh le hOifig an Ombudsman.

Is maith an rud é go bhfuil neamhspleáchas Oifig an Choimisinéara Teanga bainte amach againn agus níl a fhios ag aon duine cén fáth gur fhógair an Rialtas go mbeadh cónascadh ann ar an gcéad dul síos. An gceapann an tAire Stáit go bhfuil seans anois, le leasú an Achta, go mbeidh cearta teanga níos láidre ar fáil do lucht labhartha na Gaeilge? Tá sé an-tábhachtach, sa Ghaeltacht agus taobh amuigh den Ghaeltacht go gcuirtear an plean sin i gcrích. Tá daoine ag gearán faoi sheirbhísí trí Ghaeilge agus is maith an rud é go bhfuil suim ag daoine sa scéal. Cad iad na céimeanna praiticiúla atá á nglacadh chun na seirbhísí a chur ar fáil?

Fáiltím roimh an mhéid a bhí le rá ag an Teachta. Ar ndóigh, ó tharla gur seo an chéad uair gur luadh sa Dáil é, ba mhaith liom féin gach rath a ghuí ar an choimisinéir úr atá i mbun oifige. Tá sé lonnaithe sa Ghaeltacht agus beidh sé neamhspleách. Is féidir liom a rá chomh maith go bhfuil athstruchtúrú á dhéanamh ar Oifig an Choimisinéara agus is cinnte go ndéanfaidh sé sin a chuid oibre níos fusa agus, tá súil agam, níos éifeachtaí. Inniu féin, sílim go bhfuil tuairisc an Choimisinéara Teanga ag teacht amach maidir le 2013. Tá an tuarascáil foilsithe agus is dóigh go gcloisfimid níos mó faoi sin i rith an lae.

Ceann de na dúshláin mhóra atá againn ná seirbhísí trí Ghaeilge a chur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta agus do dhaoine a éilíonn seirbhísí mar sin. Is dúshlán mór é sin agus chuir na haighneachtaí a tháinig isteach maidir le hathbhreithniú ar an Acht é sin in iúl dúinn. Mar sin, tá roinnt céimeanna á nglacadh. Ar dtús, tá sé glactha ag an Rialtas agus ag an Roinn Caiteachais Phoiblí anois go mbeidh cuóta nó painéal speisialta ann de dhaoine a bhfuil ardchumas Gaeilge acu aon uair a bheidh earcaíocht á déanamh d'oifigigh don Státseirbhís. Chomh maith leis sin, tá scrúdú á dhéanamh sna Ranna go léir le fáil amach cén áit a bhfuil gá le daoine a bhfuil Gaeilge acu. Mar sin, tá céimeanna cinnte á nglacadh i láthair na huaire chun tabhairt faoin fhadhb seo. Aithním go bhfuil fadhb ann, ach táim ag tabhairt faoi í a réiteach.

An bhfuil aon rud le rá ag an Aire Stáit faoi mholtaí an Choimisinéara Teanga, bunaithe ar na deich mbliana a chaith sé mar choimisinéir? Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le Seán Ó Cuirreáin agus fáilte a chur roimh an gcoimisinéir nua. An mbeidh na moltaí seo á chur i bhfeidhm ag an Rialtas?

Tá a lán ceisteanna le freagairt faoi ghnó a dhéanamh trí Ghaeilge. Mar is eol don Aire Stáit, bhí máirseáil maidir le seo i mBaile Átha Cliath, ceann eile i nGaillimh agus ceann eile i mBéal Feirste, ag iarraidh chothrom na féinne a fháil do dhaoine a bhfuil Gaeilge acu. Ag na máirseálacha sin, labhair daoine faoi ghlaonna teileafóin nó e-mails chuig na Ranna éagsúla agus dúirt siad nach raibh siad in ann a ngnó a dhéanamh trí Ghaeilge.

Tá mothúchán láidir ann mar go gceapann daoine go bhfuil an Ghaeilge faoi ionsaí. Ba cheart moltaí an choimisinéara a chur i bhfeidhm. An bhfuil aon fhreagra ag an Aire Stáit maidir leis na moltaí sin?

D'éist mé leis an méid a bhí le rá ag an gcoimisinéir nuair a d'fhreastail sé ar an chomhchoiste. Mar a dúirt mé, tá céimeanna dearfacha á nglacadh i láthair na huaire ag an leibhéal earcaíochta. Bhí scéim bhónais againn go dtí seo, le 40 bliain anuas, ach tá sé soiléir nár éirigh leis an scéim sin daoine leis an soláthar agus leis an gcaighdeán Gaeilge cheart a chur ar fáil sna Ranna Stáit. Nílim ag rá nach bhfuil neart daoine le Gaeilge sa chóras phoiblí agus sa Státsheirbhís, ach go minic ní bhíonn siad ag déileáil go díreach leis an bpobal. Tá scrúdú á dhéanamh ar sin i láthair na huaire.

Freisin, ag an leibhéal earcaíochta, tá tosú á dhéanamh ansin aitheantas a thabhairt nó painéil speisialta a chur ar bun de dhaoine a bhfuil cumas Gaeilge acu. Tá sé ar intinn chomh maith, faoi fhorálacha an leasaithe don Acht go mbeidh seirbhísí eile trí Ghaeilge curtha ar fáil, ar nós seirbhísí aistriúcháin. Beidh deasc ann freisin ionas gur féidir le daoine a éilíonn seirbhís trí Ghaeilge teagmháil a dhéanamh agus go mbeidh an tseirbhís sin ar fáil. Tabharfar roinnt céimeanna mar sin chun cinn agus chun críche nuair a bheidh an Bille achtaithe.

Top
Share