Dírím aird an Teachta ar an bhfreagra a thug mé ar Cheist Dála Uimh 5 den 17 Aibreán 2014. Mar a thug mé le fios san fhreagra sin, tuigim ó Údarás na Gaeltachta gur cruthaíodh 616 post nua in 2013 i gcliant-chuideachtaí de chuid an Údaráis sa Ghaeltacht. Ag deireadh na bliana sin, bhí 7,650 post i gcliant-chuideachtaí de chuid an Údaráis, lena n-áirítear 6,970 post lánaimseartha agus 680 post páirtaimseartha. Tuigim ón Údarás fosta gurb é an sprioc fostaíochta atá ag an eagraíocht do 2014 ná 520 post nua a chruthú agus go bhfuil siad sásta go mbainfear an sprioc fostaíochta sin amach.