Skip to main content
Normal View

Scéimeanna Talmhaíochta

Dáil Éireann Debate, Thursday - 12 June 2014

Thursday, 12 June 2014

Questions (157)

Éamon Ó Cuív

Question:

157. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara cén uair a dhéanfar íocaíocht faoin Scéim Íocaíochta Aonair nó faoi Scéim na Limistéar faoi Mhíbhuntáiste le feirmeoir i gContae na Gaillimhe (sonraí tugtha); cén fáth a bhfuil moill leis an íocaíocht seo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [24983/14]

View answer

Written answers

Fuair mo Roinn iarratas faoi Scéim na hAoníocaíochta/Scéim na Limistéar faoi Mhíbhuntáiste 2013 ón duine ainmnithe an 19 Aibreán 2013. Nuair a bhí an t-iarratas próiseáilte tugadh faoi deara go raibh forluí i gceist maidir le dhá ghabháltas talún a bhí tugtha ar an iarratas. Tar éis comhfhreagras idir mo Roinnse agus an duine ainmnithe, tá an t-ábhar seo anois réitithe agus tá an t-iarratas á phróiseáil faoi láthair le híocaíocht a dhéanamh.

Top
Share