Tá obair ag teacht chun críche ar Thionscadal Láthaireacha Catha na hÉireann de chuid mo Roinne-se, a cuireadh ar bun chun iniúchadh a dhéanamh ar na féidearthachtaí chun cosaint a thabhairt do na Láithreacha Catha sa tír seo faoin reachtaíocht ábhartha. Cuireadh painéal comhairleach saineolaithe sa Stair Mhíleata ar bun chun maoirsiú a dhéanamh ar an dtionscadal. Comhairlítear dom go ndearnadh taighde, ar bhonn chonartha, idir 2008 agus 2010 chun Láithreacha Catha a bhain leis an tréimhse ama roimh 1800 a aithint agus a thaifeadadh. Tuigim gur bhain costas de €351,042 leis an obair thaighde sin, CBL san áireamh. Tá athbhreithniú ar na tuarascálacha taighde ar bun faoi láthair agus tá súil agam go mbeidh na torthaí foilsithe roimh dheireadh na bliana seo.