Skip to main content
Normal View

Acht na dTeangacha Oifigiúla

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 16 July 2014

Wednesday, 16 July 2014

Questions (14)

Michael P. Kitt

Question:

14. D'fhiafraigh Deputy Michael P. Kitt den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta mar gheall ar Bhílle na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2014 an mbeidh foráil nua san Acht go mbeidh ar a laghad 10% de na fostaithe sa státseirbhís in ann cumarsáid shásúil a dhéanamh leis an bpobal trí Ghaeilge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [31203/14]

View answer

Written answers

Mar is eol don Teachta, rinneadh athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 i gcomhréir leis an ghealltanas a tugadh i gClár an Rialtais 2011-2016. Mar thoradh ar an athbhreithniú, d'fhoilsigh mo Roinn Cinn Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2014 i mí Aibreáin. Déantar foráil i gCeann 6 den Bhille beartaithe do leasú ar alt 13 den Acht. Is é a bheidh i gceist leis sin ná fo-alt nua a chur isteach in alt 13(2), ina ndeirtear go sonrófar i scéimeanna teanga na poist i gcomhlachtaí poiblí a bhfuil riachtanas inniúlachta Gaeilge ag gabháil leo. Eascraíonn an leasú sin as cinneadh Rialtais an 30 Deireadh Fómhair 2013 i ndáil le deireadh a chur le marcanna bónais a bhronnadh as oilteacht Ghaeilge in earcaíocht agus comórtais ardaithe céime na Státseirbhíse agus córas nua bunaithe ar inniúlacht a chur ina áit. Is í an aidhm atá ag an chóras nua an líon dátheangach feidhmiúla sa Státseirbhís a mhéadú. Ina theannta sin, ní miste a nótáil go sonrófar i bpleananna fórsa oibre Ranna agus Oifigí Rialtais amach anseo na poist/réimsí oibre ina mbeidh gá le baill foirne atá in ann feidhmiú sa dá theanga oifigiúla. Ag féachaint do chur i bhfeidhm Acht na Gaeltachta 2012, iarrtar ar Ranna aird ar leith a thabhairt ar phoist atá lonnaithe i gceantair Ghaeltachta nó ag freastal ar na ceantair sin.

Tuigtear go raibh sé i gceist triail a bhaint as na socruithe nua sa chomórtas earcaíochta Oifigigh Feidhmiúcháin amach anseo. Mar gheall go bhfuil áit tosaíochta á tabhairt anois do chomórtas d’Oifigigh Chléireachais, áfach, agus nach mbeidh an comórtas d’Oifigigh Feidhmiúcháin á reáchtáil go dtí tráth níos faide anonn sa bhliain, tá na socruithe nua á dtriail sa chomórtas d’Oifigigh Chléireachais atá ar siúl faoi láthair ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí. Tá sé beartaithe go mbunófar fo-phainéal de dhátheangaigh atá feidhmiúil sa Ghaeilge, a dhéanfaidh suas céatadán, suas le 6%, den phainéal d'Oifigigh Chléireachais foriomlán. Ní mór do na hiarrthóirí a cheapfar ón phainéal seo a bheith in ann raon iomlán seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge.

Ní miste a chur in iúl chomh maith go n-éilítear ar chomhlachtaí poiblí, de réir alt 13(d) d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, agus a bpleananna teanga á n-ullmhú acu, a chinntiú go gcomhlíontar na riachtanais Ghaeilge faoi leith a bhaineann le seirbhísí a sholáthar sa Ghaeltacht.

Top
Share