Skip to main content
Normal View

Seirbhísí Aeir Fóirdheonaithe

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 16 July 2014

Wednesday, 16 July 2014

Questions (20)

Éamon Ó Cuív

Question:

20. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta céard iad na pleananna atá aici don tseirbhís fhóirdheonaithe aeir go dtí Oileáin Árann; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [31156/14]

View answer

Written answers

Fógraíodh ar an 8 Iúil go bhfuil síneadh bliana go dtí 30 Meán Fómhair 2015 curtha leis an chonradh atá ag mo Roinn le hAer Arann chun seirbhís aeir faoi Oibleagáid Seirbhíse Poiblí a chur ar fáil d’Oileáin Árann. Beidh an tseirbhís chéanna ann faoin chonradh úr is atá ann faoin chonradh reatha. Faoi théarmaí an chonartha reatha, bhí sé de rogha ag mo Roinn síneadh bliana a chur leis. Mar is eol don Teachta, d’fhostaigh mo Roinn an comhlacht EY chun athbhreithniú a dhéanamh ar riachtanas na seirbhíse aeir, i gcomhréir le Rialacháin an Aontais Eorpaigh. Foilsíodh an tuarascáil athbhreithnithe ar shuíomh gréasáin mo Roinne ar an 28 Bealtaine agus cuireadh í faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh. Is tuarascáil chuimsitheach atá inti a chlúdaíonn an tréimhse ó 2003 go dtí 2013. Aithníonn an tuarascáil na tionchair éagsúla atá ag an tseirbhís aeir ar shaol na n-oileánach chomh maith le costais éagsúla na seirbhíse agus treocht na gcostas le linn na tréimhse sin. Tabharfaidh an síneadh bliana atá curtha leis an chonradh aersheirbhíse deis do mo Roinn an tuarascáil a mheas sa tréimhse atá romhainn.

Top
Share