Cheadaigh an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas socruithe nua maoinithe in ionad múnla bunmhaoinithe Fhoras na Gaeilge ar an 10 Iúil 2013. Tá feidhm leis na socruithe nua maoinithe ón 1 Iúil 2014. Mar thoradh ar an chur chuige nua straitéiseach seo, táthar ag súil go mbeifear in ann seirbhísí níos fearr a seachadadh ar bhealach níos éifeachtaí do phobal na Gaeilge sa dá dhlínse, ó thuaidh agus ó dheas. Faoi na socruithe nua maoinithe, beidh tosaíochtaí straitéiseacha i réimsí ar leith á sheachadadh ar bhonn uile-oileáin ag eagraíochtaí ceannais atá roghnaithe ag Foras na Gaeilge chun na críocha sin. Ina theannta sin, cuirfidh Foras na Gaeilge scéim ar bun chun maoiniú a chur ar fáil do raidió pobail trí Ghaeilge sa dá dhlínse. Cuirfear maoiniú ar fáil fosta sa todhchaí, mar is cuí, don Áisaonad ó thuaidh, i gcomhthéacs fheidhm reachtúil Fhoras na Gaeilge i ndáil le tacú le hoideachas trí mheán na Gaeilge agus le múineadh na Gaeilge.
Maidir le cúrsaí fostaíochta, tuigfidh an Teachta gur gnó é do na heagraíochtaí iad féin an fhoireann atá riachtanach dá gcuid gníomhaíochtaí a fhostú, i gcomhréir leis na buiséid a bheidh ar fáil dóibh ó Fhoras na Gaeilge. Tuigtear dom ó Fhoras na Gaeilge go mbeidh soláthar curtha ar fáil le haghaidh 74.5 post san iomlán san earnáil faoin chur chuige nua i gcomparáid leis an 75.5 post a bhí sa 19 n-eagraíocht bhunmhaoinithe ar 1 Meitheamh 2014. Tuigtear dom fosta go bhfuil na poist sa 6 eagraíocht cheannais, sa 2 stáisiún raidió pobail agus san Áisaonad san áireamh sa 74.5 post.