Mar is eol don Teachta, tháinig deireadh le conradh farantóireachta Árann ar 31 Eanáir 2013. Cé gur lorg mo Roinn léirithe spéise ag an am don tseirbhís seo ar an gcóras eTenders, ní bhfuarthas aon tairiscint. Bhí plé ina dhiaidh sin ag mo Roinn leis an bhfarantóir a bhí ag cur na seirbhíse ar fáil d'Árainn, féachaint an bhféadfaí an conradh a athnuachan ar na téarmaí céanna a bhí ann go dtí sin. Níor éirigh leis na cainteanna sin mar nach bhféadfadh mo Roinn glacadh le héileamh an fharantóra ardú ollmhór a cheadú san fhóirdheontas i gcás seirbhíse a bhí, de réir cosúlachta, brabúsach cheana féin.
Cuireadh in iúl ag an am go raibh ar chumas an fharantóra leanúint leis an tseirbhís chéanna gan chúnamh Stáit ós rud é go raibh inmharthanacht tráchtála ann ach go raibh sé i gceist ag an bhfarantóir na táillí a ardú. Tuigtear dom gur amhlaidh atá an scéal ó shin.
Bhí cruinniú ag m’oifigigh leis an bhfarantóir le gairid, áfach, ag ar cuireadh in iúl go mbeadh sé ag cur deireadh leis an tseirbhís ón 1 Samhain ar feadh tréimhse ceithre mhí. Tá mo Roinn go hiomlán oscailte tabhairt faoi aon chéim réasúnta gur féidir a thógáil a chabhródh leis an gceist seo a réiteach, faoi réir na rialacha soláthair phoiblí agus na srianta airgeadais atá ann. Ar ndóigh, tá conarthaí ag mo Roinn le os cionn 20 farantóir atá ag cur seirbhísí ar fáil do na hoileáin éagsúla timpeall na tíre agus caithfear cloí leis na téarmaí agus na coinníollacha céanna i ngach cás. Ní miste a rá go leanfaidh mo Roinn lena cuid iarrachtaí teacht ar réiteach sa chás seo.