Skip to main content
Normal View

Acht na dTeangacha Oifigiúla

Dáil Éireann Debate, Thursday - 17 July 2014

Thursday, 17 July 2014

Questions (537)

Éamon Ó Cuív

Question:

537. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara an bhfuil cinneadh déanta maidir le hachomharc a cuireadh chuig an Oifig Achomharc Talmhaíochta ag feirmeoir i gContae na Gaillimhe (sonraí leis seo); má tá cinneadh déanta, cén toradh a bhí air; mura bhfuil cinneadh déanta, cén uair a dhéanfar é; cén fáth a raibh moill leis an gcinneadh a dhéanamh; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [32021/14]

View answer

Written answers

Tá achomharc déanta ag an té thuasluaite le hOifig na nAchomharc Talmhaíochta. Tá an gearán sannta ar Oifigeach Achomharc. Mar a cinntioch leis an té thuasluaite, tá éisteacht ó bhéal á lorg sa chás seo agus tá an Oifig Achomharc á eagrú sin faoi láthair. Déanfar cinneadh i ndiaidh na héisteachta agus scríobhfar chuig an té thuasluaite chun an cinneadh a chur in iúl dó/di.

Top
Share