Skip to main content
Normal View

Cóiríocht Scoile

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 17 September 2014

Wednesday, 17 September 2014

Questions (1422)

Éamon Ó Cuív

Question:

1422. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais agus Scileanna an bhfuil sé i gceist aici airgead a dheonú do scoil (sonraí tugtha), de réir an iarratais a rinne siad, chun cuidiú leo seomraí buana a chur in áit seomraí réamhdhéanta; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [34499/14]

View answer

Written answers

Is mian liom a dheimhniú don Teachta go bhfuil mo Roinnse tar éis maoiniú a cheadú don scoil i gceist chun cur ar chumas na scoile cóiríocht bhuan a chur in áit na cóiríochta sealadaí atá ann faoi láthair. Cuireadh an cinneadh seo in iúl d'údaráis na scoile i mí Lúnasa seo caite.

Top
Share