Skip to main content
Normal View

Foras na Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 17 September 2014

Wednesday, 17 September 2014

Questions (1763, 1767, 1781)

Fergus O'Dowd

Question:

1763. D'fhiafraigh Deputy Fergus O'Dowd den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta freagra a thabhairt do na hAistritheoiri Cailithe; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [34097/14]

View answer

Michael P. Kitt

Question:

1767. D'fhiafraigh Deputy Michael P. Kitt den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cén fáth a bhfuair níos mó ná céad aistritheoir atá ar Phainéal na nAistritheoirí Gaeilge a bhfuil an Séala acu ríomhphost á rá go mbeidh an cháilíocht atá acu mar aistritheoirí, an Séala creidiúnaithe, á bhaint de gach duine a fuair an cháilíocht roimh 2013; cén fáth a gcaithfidh na haistritheoirí seo an scrúdú a athshuí, cén uair a mbeidh tuilleadh eolais ar fáil; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [34342/14]

View answer

Robert Dowds

Question:

1781. D'fhiafraigh Deputy Robert Dowds den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an féidir léi a shoiléiriú cén fáth ar seoladh ríomhphost chuig 100 duine ar bronnadh an Séala Creidiúnaithe d'Aistritheoirí orthu roimh 2013, á rá go bhfuil an Séala sin á bhaint uathu de réir cinneadh de chuid Foras na Gaeilge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [34155/14]

View answer

Written answers

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh 1763, 1781 agus 1767 le chéile.

I dtosach báire, caithfidh mé a threisiú gur ceist oibríochtúil í seo d'Fhoras na Gaeilge. Ba chóir dom a mhíniú fosta nach cáilíocht san aistriúchán atá sa chóras creidiúnaithe de chuid Foras na Gaeilge seo ach dearbhú i leith caighdeán oibre an aistritheora. Go bunúsach, d'fhorbair Foras na Gaeilge an córas creidiúnaithe d'aistritheoirí ar mhaithe le hardchaighdeáin in earnáil an aistriúcháin a chinntiú.

Tuigtear dom ó Fhoras na Gaeilge gur cuireadh in iúl do na haistritheoirí a bhain amach an séala roimh 2013 go mbeadh athchreidiúnú le déanamh acu sa todhchaí. Tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar an gcóras le gairid, cuireadh in iúl do na haistritheoirí sin go rachadh an séala atá acu in éag ag deireadh na bliana 2015 ach go gcuirfí scrúdú athchreidiúnaithe ar bun i mbliana agus arís in 2015.

Tuigtear dom ó Fhoras na Gaeilge go bhfuil an córas athchreidiúnaithe seo agus an scrúdú a reáchtáladh in 2013 bunaithe ar an bhonn nach mbeidh athnuachan trí scrúdú athchreidiúnaithe le déanamh feasta ag na haistritheoirí atá i gceist. Sna cúinsí nach mbeidh ach scrúdú amháin le déanamh ag aistritheoirí feasta, tá moltaí á meas faoi láthair ag Foras na Gaeilge i ndáil leis na féidearthachtaí atá ann chun ardchaighdeán na hearnála aistriúcháin a chinntiú, mar shampla trí fhianaise a chur ar fáil ag léiriú taithí agus caighdeán oibre sa réimse seo ar bhonn rialta. Tuigtear dom go bhfuil Foras na Gaeilge ag dul i ndáil chomhairle leis na haistritheoirí faoi láthair maidir leis na moltaí seo.

Question No. 1764 answered with Question No. 1751.
Top
Share