Cuireann Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha) 2014 an clár reachtúil ar an Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta (ICT/HAP) in aithne, an phríomhaidhm atá leis ná gach seirbhís shóisialta tithíochta fadtéarmach atá ar fáil ag an Stát a chónascadh faoi chóras na n-údarás áitiúil.
Tá treoirscéim riaracháin i bhfeidhm i gComhairle Cathrach agus Contae Luimnigh, an t-údarás áitiúil atá i réim maidir leis an Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta (ICT/HAP), ó Aibreán 2014. Tá an íocaíocht ar fáil ag 118 teaghlach i Luimneach faoi láthair mar chuid den treoirscéim seo.
Forálann Alt 50 den Acht le tús a chur leis an ICT/HAP in údaráis áitiúla sonraithe ar dhátaí éagsúla agus i leith aicmí éagsúla teaglaigh. Cuirfidh rialacháin faoi Alt 50 an scéim i bhfeidhm i gceantair na n-údarás áitiúil aonarach.
Faoin Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta (Alt 50) Rialacháin 2014, tháinig an Scéim ICT/HAP i bhfeidhm i limistéir Chomhairle Contae Chorcaí, Chomhairle Cathrach agus Contae Luimnigh agus Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge ó 15 Meán Fómhair 2014. Déanfar Rialacháin eile i dtráth cuí chun an Scéim a leathnú go dtí na hÚdaráis Áitiúla Grúpa 1 eile, na Comhairlí Contae Átha Cliath Theas, Chill Chainnigh, Lú, Mhuineacháin agus Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath – le fócas ar leith ar freastail do theaghlaigh gan dídean.
Tar éis na treoirscéime riaracháin i 2014 agus athbhreithniú ar an dá treoirscéim, tabharfar an scéim isteach chuig na rialtais áitiúil i 2015 i gcéimeanna. Bainfear úsáid as ceachtanna a foghlaimíodh i rith an chéad chéime chun an leathnú seo a chur in iúl.