Mar is eol don Teachta, tá sé mar aidhm ag an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 an líon daoine a úsáideann an Ghaeilge go laethúil a ardú thar shaolré na Straitéise. I gcomhréir lena ról reachtúil, cuireann Foras na Gaeilge réimse tacaíochtaí éagsúla ar fáil chun an Ghaeilge a chur chun cinn sa phobal ar bhonn uile-oileáin, lena n-áirítear an Scéim Phobal Gaeilge, Scéim na gCampaí Samhraidh, Scéim na nImeachtaí Óige, Scéim na bhFéilte, Scéim na gComplachtaí Drámaíochta agus an Scéim Tacaíochta Gnó. Anuas air seo, tá maoiniú á chur ar fáil ag Foras na Gaeilge do na heagraíochtaí ceannais chun an Ghaeilge a chur chun cinn ar bhonn uile-oileáin i réimsí éagsúla, lena n-áirítear tríd an ngaelscolaíocht, forbairt pobail agus forbairt eacnamaíochta. Tá tuilleadh eolais ar fáil ag www.forasnagaeilge.ie.
Ní miste a nótáil gur reáchtáladh Oireachtas na Samhna, mórfhéile na Gaeilge, i gCill Airne sna blianta 2010, 2011 agus 2013 agus go reáchtálfar ann é arís i mbliana. Ina theannta sin, tuigtear dom go bhfuil craobh gníomhach de Chonradh na Gaeilge i gCill Airne agus go raibh Ard-Fheis an Chonartha ar siúl i gCill Airne i mbliana. Is léargas dearfach é seo ar an obair reatha atá ar siúl chun an Ghaeilge a chur chun cinn i gCill Airne.