Skip to main content
Normal View

Íocaíochtaí Scéim na Limistéar faoi Mhíbhuntáiste

Dáil Éireann Debate, Thursday - 16 October 2014

Thursday, 16 October 2014

Questions (118)

Éamon Ó Cuív

Question:

118. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara Talmhaíochta, Bia agus Mara cén fáth go bhfuiltear a rá go ndearnadh ró-íocaíocht le feirmeoir i gContae na Gaillimhe (sonraí leis seo) faoi Scéim na Limistéar faoi Mhíbhuntáiste 2013; cad iad sonraí na ró-íocaíochta atá i gceist; agus an féidir lena Roinn sonraí agus mapaí a bhaineann leis an ró-íocaíocht a chur chuig an bhfeirmeoir seo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [39722/14]

View answer

Written answers

Léirigh athbhreithniú ar na gabháltais talún a dhearbhaigh an duine ainmnithe faoi Scéim na hAoníocaíochta 2013 go raibh roinnt gnéithe neamh-incháilithe i roinnt de na gabháltais talún a dhearbhaigh an duine ainmnithe. Cé gur cuireadh an cinneadh sin agus an ceart maidir le hachomharc a dhéanamh in iúl don duine ainmnithe, níl aon achomharc faighte go dtí seo. Is féidir leis an duine ainmnithe fós achomharc a dhéanamh, más mian leis.

Top
Share