Skip to main content
Normal View

Creidiúnú Aistriúcháin

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 22 October 2014

Wednesday, 22 October 2014

Questions (37)

Michael P. Kitt

Question:

37. D'fhiafraigh Deputy Michael P. Kitt den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cén fáth ar seoladh ríomhphost chuig níos mó ná céad aistritheoir atá ar Phainéal na nAistritheoirí Gaeilge, agus a bhfuil an Séala Creidiúnaithe acu, á rá go mbeidh an cháilíocht atá acu mar aistritheoirí, an Séala Creidiúnaithe, á bhaint de gach duine a fuair an cháilíocht roimh 2013; cén fáth nach foláir do na haistritheoirí seo an scrúdú a dhéanamh arís; cén uair a bheidh tuilleadh eolais ar fáil. [40154/14]

View answer

Written answers

Mar a mhínigh mé i mo fhreagra ar Cheisteanna Uimh 1763, 1767 agus 1781 faoin ábhar seo cheana ar an 17 Meán Fómhair 2014, is ceist oibríochtúil í seo d'Fhoras na Gaeilge. Ní mór dom a threisiú fosta nach cáilíocht san aistriúchán atá i gcóras creidiúnaithe Fhoras na Gaeilge ach dearbhú i ndáil le caighdeán oibre an aistritheora. Go hachomair, tuigim ó Fhoras na Gaeilge gur cuireadh in iúl d’aistritheoirí a raibh an Séala Creidiúnaithe d’Aistritheoirí faighte acu roimh 2013 go rachadh an séala atá acu in éag ag deireadh na bliana 2015 ach go gcuirfí scrúdú athchreidiúnaithe ar bun i mbliana agus arís in 2015 don uair dheireanach.

Ag eascairt as plé idir Foras na Gaeilge agus na haistritheoirí le gairid, tuigtear dom go bhfuil an scrúdú athchreidiúnaithe a bhí beartaithe i mbliana curtha ar ceal agus go bhfuil moltaí á lorg ó na haistritheoirí faoin 19 Nollaig 2014 maidir le bearta a chinnteoidh ardchaighdeáin in earnáil an aistriúcháin sa todhchaí.

Top
Share