Skip to main content
Normal View

Maoiniú d'Eagrais Ghaeilge

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 22 October 2014

Wednesday, 22 October 2014

Questions (4)

Michael P. Kitt

Question:

4. D'fhiafraigh Deputy Michael P. Kitt den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil iarratas aici ó Chonradh na Gaeilge mar gheall ar bhuiséad caipitil de €12 milliún a chur ar fáil d'Údarás na Gaeltachta agus gan aon chiorrú a dhéanamh ar bhuiséad Fhoras na Gaeilge sa cháinaisnéis do 2015; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [40303/14]

View answer

Oral answers (9 contributions)

Tá mé ag caint anseo mar gheall ar chothrom na féinne don Ghaeilge agus don Ghaeltacht i gcáinaisnéis 2015, go háirithe i gcás Údarás na Gaeltachta agus buiséad Fhoras na Gaeilge agus ar ndóigh iarratas ó Chonradh na Gaeilge mar gheall ar bhuiséad caipitil €12 milliún a chur ar fáil don údarás agus ar ndóigh gan aon chiorrú ar bhuiséad Fhoras na Gaeilge. Céard a dhéanfaidh an tAire Stáit faoin dá rud sin?

Beidh soláthar caipitil de €5.687 milliún ar fáil ag Údarás na Gaeltachta ón Státchiste i 2015, mar aon le foinsí maoinithe an údaráis féin ó dhíol socmhainní agus infheistíochtaí. Idir airgead an Státchiste agus acmhainní an údaráis féin, tá mé cinnte go mbeidh an t-údarás ag leanúint air ag cruthú post nua sa Ghaeltacht agus ag cosaint na bpost atá ann faoi láthair.

Tuigim go maith go bhfuil togra straitéiseach ag Údarás na Gaeltachta lena mbuiséad caipitil a mhéadú thar thréimhse ama ón leibhéal reatha de €5.687 milliún go €12 milliún in aghaidh na bliana. Tuigim fosta go gcuirfeadh méadú mar sin ar chumas an údaráis 300 post breise a chruthú in aghaidh na bliana. Leanfaidh mé orm ag déanamh cás láidir chun tacú leis an éileamh sin sa tréimhse amach romhainn.

Is áisíneacht den Fhoras Teanga é Foras na Gaeilge agus is í an Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas a cheadaíonn a buiséad. Tá sé aontaithe ag na Ranna Airgeadais Thuaidh agus Theas go gcaithfidh na forais trasteorann go léir sábháiltí éifeachtúlachta de 4% ar a laghad in aghaidh na bliana a chur i bhfeidhm ar bhonn carnach thar an tréimhse 2014 go 2016. Toisc go ndearnadh laghdú 7% ar an soláthar don Fhoras Teanga sna Meastacháin i 2014, tá mé sásta a chur in iúl nach bhfuil ach laghdú 1% le cur i bhfeidhm ar allúntas an Státchiste don Fhoras Teanga in 2015. Ciallaíonn sé seo gurb é €13.444 milliún an tsuim iomlán atá ar fáil don Fhoras Teanga ó mo Roinn faoi réir chomhaontú na Comhairle Aireachta Thuaidh-Theas.

Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit as ucht an fhreagra sin faoin laghdú 1% ar bhuiséad an Fhoras Teanga ach is í an cheist a bhí agamsa ná an t-iarratas ó Chonradh na Gaeilge mar gheall ar €12 milliún a chur ar fáil. Bhí ísliú ar an mbuiséad caipitil don údarás ó €22 milliún sa bhliain 2007 go €6 milliún in 2012. Sin laghdú 74%. An bhfuil a fhios ag an Aire Stáit go mbeidh sé deacair poist nua a chruthú agus infheistíocht a dhéanamh de bharr an laghdaithe sin? Faoi láthair tá 7,000 post lánaimseartha cruthaithe ag an údarás agus deir sé agus an conradh go gcaithfí buiséad an údaráis a mhéadú go €12 milliún chun 1,000 post nua a chruthú sna trí bliana atá romhainn. An mbeidh an t-údarás in ann na bpost sin a chruthú gan an t-airgead a bheith ar fáil?

Táim cinnte go bhfuil an fhadhb seo ann. Thit buiséad Údaras na Gaeltachta ó €18 milliún i 2008 agus go €6 milliún anuraidh. Aontaím go bhfuil fadhb ann agus chonaic mé le mo shúile féin i rith an tsamhraidh an sárobair atá á déanamh ag Údarás na Gaeltachta. Tá ceangal mór idir Údarás na Gaeltachta agus na comhlachtaí i gceantair Ghaeltachta, agus mar shampla ag tús na seachtaine bhí scéal ollmhór ann i nDún na nGall, i mo cheantar féin. Méadóidh Randox Teoranta a lucht oibre ó 70 oibrí go 500 thar na blianta atá romhainn. Sin sampla den cheangal mór atá ann idir Údarás na Gaeltachta agus na comhlachtaí. Chuir mé cás láidir roimh an Aire Airgeadais, an Teachta Michael Noonan, agus roimh an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, an Teachta Brendan Howlin, cúpla seachtain ó shin, roimh an mbuiséad agus táim ag déanamh mo dhíchill ó shin acmhainní breise a fháil faoin bpróiséas Meastúcháin amach anseo.

Tá ceist agamsa freisin maidir le Foras na Gaeilge. Tá a fhios ag an Aire Stáit go raibh laghdú ar an mbuiséad de chuid 21% idir 2011 agus 2013 agus meastar go mbeidh laghdú 41% ann agus 2015 againn. Tá deireadh le maoiníu de roinnt mhaith eagraíochtaí Gaeilge agus deireadh le cuid mhaith nuachtáin Ghaeilge. Beidh ceist agam faoi na nuachtáin agus faoi na hirisí níos déanaí. Tá a fhios ag an Aire Stáit freisin go bhfuil 100 aistritheoir ar phainéal na n-aistreoirí Gaeilge agus an cháilíocht atá acu á bhaint dóibh. Ní dóigh liom go bhfuil sé sin ceart. Beidh orthu an scrúdú a dhéanamh arís. Níl aon mhéadú i mbuiséad an hhorais ó bunaíodh é, fiú amháin i rith ré an Tíogair Cheiltigh, agus mar is eol don Aire Stáit, níl ach nuachtán amháin, Seachtain san Irish Independent, fágtha anois. B'fhéidir go bhfuil pleananna eile ag an Aire Stáit chun é sin a réiteach.

Maidir leis an gceist faoi Údarás na Gaeltachta, bhí mé ag caint faoin obair a bheidh á déanamh agam as seo amach. Chuir mé cás láidir ós comhair an Aire Airgeadais, an Teachta Noonan agus an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, an Teachta Howlin, ag lorg acmhainní breise. Maidir leis an gComhairle Aireachta Thuaidh-Theas agus an comhaontú le mo chomhghleacaithe sa Tuaisceart, bhí agus tá comhaontú ar siúl ar bhonn Thuaidh-Theas. Bhí laghdú 11% i mo bhuiséad ach bhí laghdú fosta ann sa Tuaisceart. Sin an comhaontú. Bhí taiscí eacnamaíochta ann idir Thuaidh agus Theas. Sin an comhaontú.

Cad é an laghdú sa Tuaisceart?

Tá sé thart ar 4% sa Tuaisceart.

Tá sé níos measa.

Top
Share