Skip to main content
Normal View

Scéim Limistéar faoi Mhíbhuntáiste

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 4 November 2014

Tuesday, 4 November 2014

Questions (392)

Éamon Ó Cuív

Question:

392. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara cén uair a dhéanfar íocaíocht faoi scéim na limistéar faoi mhíbhuntáiste do 2014 le feirmeoir i gContae na Gaillimhe (sonraí leis seo); cén fáth go bhfuil moill leis an íocaíocht seo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [40972/14]

View answer

Written answers

Rinne an duine ainmnithe iarratas faoi Scéim na hAoníocaíochta/na Limistéar faoi Mhíbhuntáiste an 1 Bealtaine 2014. Próiseáladh an t-iarratas le déanaí agus eiseofar an íocaíocht dhlite go gairid, díreach chuig cuntas bainc ainmnithe an duine ainmnithe.

Top
Share