Fuarthas iarratas faoi Scéim na Limistéar faoi Mhíbhuntáiste 2014 ón duine ainmnithe an 7 Bealtaine 2014. Nuair a bhí an t-iarratas próiseáilte tugadh nithe faoi deara a bhain le fíorú a dhéanamh go raibh an t-íosdlús stocála á chomhlíonadh. Faoi Scéim na Limistéar Faoi Mhíbhuntáiste 2014, tá dhá chritéar ann nach mór a shásamh i gcás iarratasóirí atá ag baint leasa as capaill chun an t-íoscheanglas dlúis stocála a chomhlíonadh. Ar dtús, ní mór don ghabháltas a bheith ag teacht leis an sainmhíniú atá ar Fhiontar Pórúcháin Eachaí agus an dara rud, ní mór do chapaill, chun go nglacfaí san áireamh iad do chríocha dlúis stocála, a bheith idir bliain agus cúig bliana agus sa chás go bhfuil níos sine, a bheith ina láir phórúcháin chun críocha na Scéime.
Chuir an duine ainmnithe seacht bpas capall chuig mo Roinn ach, ó tharla nár bhain ceachtar acu le láir phórúcháin a raibh searrach aici sna blianta 2011, 2012 nó 2013, níor comhlíonadh critéir na Scéime. Dá réir sin, níl aon íocaíocht dlite faoi Scéim 2014. Bhí oifigeach ó mo roinn i dteagmháil go díreach leis an duine ainmnithe maidir leis an ábhar seo.