Skip to main content
Normal View

Scéim Deontais do Mhionoibreacha

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 4 November 2014

Tuesday, 4 November 2014

Questions (864)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

864. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Oideachais agus Scileanna cathain a íocfar deontais faoi Scéim na Mionoibreacha, 2014 leis na scoileanna atá ag súil leo chun deisiúchán riachtanach a dhéanamh ar a bhfoirgnimh agus a gclósanna. [41271/14]

View answer

Written answers

Tá sé ráite in Imlitir 0062/2013, a foilsíodh agus an Deontas Mionoibreacha á eisiúint don scoilbhliain 2013/2014 i Mí na Samhna seo caite, "ní íocfar an deontas sna blianta amach romhainn ach nuair a bheidh an maoiniú á cheadú sin". Faoin gClár Infheistíochta Infreastruchtúir agus Caipitil 2012-2016 táthar ag díriú ar an éileamh ar ionaid bhreise scoile a shásamh. Ag an tráth seo, níl aon mhaoiniú ar fáil as leithdháileadh airgeadais mo Roinnese do 2014 chun an Deontas Mionoibreacha do 2014/2015 a íoc. Tá a fhios agam go mbíonn fáilte ag pobail scoile agus ag comhlachtaí bainistíochta roimh Dheontas Mionoibreacha aon uair a mbíonn ar chumas mo Roinn-se é a eisiúint (chuig bunscoil ar bith a bhfuil aitheantas buan aici), mar gur ranníocaíocht luachmhar é i leith an chostais a bhaineann le hinfreastruchtúr scoile a chothabháil.

Top
Share