Skip to main content
Normal View

Cáilitheacht faoin Scéim Deontais do Mhionoibreacha

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 4 November 2014

Tuesday, 4 November 2014

Questions (866)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

866. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Oideachais agus Scileanna an bhfuil Gaelscoil Inse Chóir, Baile Átha Cliath 8 i dteideal deontas faoi Scéim na Mion-Oibreacha, 2014 agus cathain a dháilfear an deontais úd ar an scoil. [41284/14]

View answer

Written answers

Faoi Imlitir 0062/2013, a foilsíodh agus an Deontas Mionoibreacha á eisiúint don scoilbhliain 2013/2014 i mí na Samhna seo caite, cuirfear maoiniú ar fáil do gach bunscoil a bhfuil lánaitheantas aici, an scoil i gceist san áireamh, ar an mbonn "nach n-íocfar an deontas sna blianta amach romhainn ach nuair a bheidh an maoiniú á cheadú sin". Ag an dtráth seo, níl aon mhaoiniú ar fáil as leithdháileadh airgeadais mo Roinn do 2014 chun an Deontas Mionoibreacha do 2014/2015 a íoc.

Top
Share