Dúradh in Imlitir 0062/2013, a foilsíodh agus an deontas mionoibreacha á eisiúint don scoilbhliain 2013/2014 i mí na Samhna seo caite, nach n-íocfar an deontas sna blianta amach romhainn ach nuair a bheidh an maoiniú á cheadú sin. Faoi Chlár Infheistíochta Infreastruchtúir agus Caipitil 2012-2016 mo Roinne táthar ag díriú go príomha ar an éileamh ar ionaid bhreise scoile a shásamh. Comhaontaíodh leithdháileadh caipitil mo Roinne do 2015 mar chuid den phróiseas buiséadach. Tá éileamh tosaíochta ag tiomantais chaiteachais a bheas ag teacht as tionscadail atá á dtógáil, agus as scéimeanna/tionscnaimh atá á seachadadh, ar an leithdháileadh seo. Tá maoiniú ag teastáil chomh maith do thionscadail nua agus do scéimeanna/tionscnaimh a chuirfear ar aghaidh in 2015. Dá réir sin ní féidir aon chinntí a ghlacadh maidir le deontas mionoibreacha do 2015/2016 ag an dtráth seo. Tá a fhios agam go mbíonn fáilte roimh dheontas mionoibreacha aon uair a mbíonn ar chumas mo Roinnese é a eisiúint chuig bunscoil ar bith a bhfuil aitheantas buan aici, mar ranníocaíocht luachmhar i leith an chostais a bhaineann le hinfreastruchtúr scoile a chothabháil.