Skip to main content
Normal View

Scéim na Limistéar faoi Mhíbhuntáiste

Dáil Éireann Debate, Thursday - 6 November 2014

Thursday, 6 November 2014

Questions (97)

Éamon Ó Cuív

Question:

97. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara cén uair a dhéanfar íocaíocht faoin Scéim Íocaíochta Aonair agus faoi Scéim na Limistéar faoi Mhíbhuntáiste do 2014 le feirmeoir i gContae na Gaillimhe (sonraí leis seo); cén fáth a bhfuil moill leis an íocaíocht seo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [42611/14]

View answer

Written answers

Rinne an duine ainmnithe iarratas faoi Scéim na hAoníocaíochta/na Limistéar faoi Mhíbhuntáiste an 7 Bealtaine 2014. Próiseáladh an t-iarratas le déanaí agus eiseofar an íocaíocht dhlite go gairid, díreach chuig cuntas bainc ainmnithe an duine ainmnithe.

Top
Share