Skip to main content
Normal View

Scéim um Chaomhnú an Chomhshaoil faoin Tuath

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 2 December 2014

Tuesday, 2 December 2014

Questions (271)

Éamon Ó Cuív

Question:

271. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara cén uair a dhéanfar cinneadh ar achomharc atá déanta faoi Scéim REPS 4 ag feirmeoir i gContae na Gaillimhe; cén fáth a bhfuil moill leis an gcinneadh ar an achomharc seo, agus na cúinsí eisceachtúla atá i gceist leis an gcás á gcur san áireamh; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [46022/14]

View answer

Written answers

I bhfianaise na n-imthosca maolaitheacha a bhaineann leis an gcás seo, tá sé socraithe ag mo Roinn force majeure a cheadú i ndáil leis an gceanglas oiliúna nár tugadh chun críche maidir leis an gConradh REPS atá i gceist. Dá réir sin, tá an cinneadh a rinneadh airgead a fuarthas faoi chonradh REPS a aisghabháil anois curtha ar ceal.

Cuirfear an té atá i gceist ar an eolas go díreach i scríbhinn faoi chinneadh mo Roinne.

Top
Share