Ba mhaith liom a rá ar dtús go mbaineann an chuid is mó den chaiteachas ar fhomhíreanna C agus D de vóta mo Roinnse le cur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge agus an phróisis pleanála teanga, bealach amháin nó bealach eile.
Ar mhaithe le tacú le cur i bhfeidhm na Straitéise agus leis an bpróiseas pleanála teanga mar a leagtar amach é in Acht na Gaeltachta 2012, cuireadh soláthar airgid faoi leith ar fiú €500,000 ar fáil i mbliana i Vóta mo Roinne. Mar léiriú ar thiomantas an Rialtais do chur i bhfeidhm na Straitéise, méadaíodh an soláthar sin go €551,000 do 2015, faoi réir na Meastacháin Athbhreithnithe a bheith faofa.
Mar thoradh ar an mhéadú seo, fágfaidh sé go mbeidh sé ar chumas mo Roinne leanúint ar aghaidh agus raon leathan bearta faoi leith a thacóidh ar bhealach praiticiúil le cur i bhfeidhm na Straitéise agus an phróisis pleanála teanga araon a mhaoiniú arís in 2015.
Tá bailchríoch á cur faoi láthair ar mhiondealú an tsoláthair seo do 2015. É sin ráite, táthar ag súil go mbeifear in ann an soláthar céanna de €200,000, a tugadh d’Údarás na Gaeltachta i mbliana chun cabhrú leis an bpróiseas pleanála teanga sna Limistéir Phleanála Teanga Ghaeltachta, a chur ar fáil arís don bhliain seo chugainn. Ar ndóigh, beidh gá freastal ar an bpróiseas pleanála teanga sna Bailte Seirbhíse Gaeltachta agus sna Líonraí Gaeilge, de réir mar a thiocfaidh siad sin chun cinn amach anseo.