Skip to main content
Normal View

Foilseacháin Ghaeilge

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 9 December 2014

Tuesday, 9 December 2014

Questions (111)

Michael P. Kitt

Question:

111. D'fhiafraigh Deputy Michael P. Kitt den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuair sí freagra ó Fhoras na Gaeilge faoi mhaoiniú do na hirisí Gaeilge, an mbeidh airgead ar fáil don iris An tUltach, an mbeidh ábhar léitheoireachta ar fáil saor in aisce ar-líne; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [46787/14]

View answer

Written answers

Mar a mhínigh mé don Teach i mo fhreagra ar Cheist Dála Uimhir 7 den 22 Deireadh Fómhair 2014, is ceist oibríochtúil atá ann d'Fhoras na Gaeilge maoiniú a chur ar fáil d’irisí Gaeilge agus níl ról sonrach agam féin mar Aire ina leith.

Ag eascairt as cinneadh na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas, chuir Foras na Gaeilge socruithe nua maoinithe i bhfeidhm do na heagraíochtaí ceannais ón 1 Iúil 2014. Tháinig deireadh dá réir le maoiniú Fhoras na Gaeilge do na hirisí a bhí ceangailte leis na heagraíochtaí bunmhaoinithe, ina measc, An tUltach agus Feasta, a bhíodh á maoiniú ag Conradh na Gaeilge.

Tuigim ó Fhoras na Gaeilge go bhfuil sé mar aidhm aige pobal léitheoireachta na Gaeilge a spreagadh agus an iriseoireacht Ghaeilge a chothú trí dhíriú ar ábhar léitheoireachta a chur ar fáil saor in aisce ar líne. Mar shampla, tá an nuachtán seachtainiúil ar líne, Tuairisc.ie, á fhoilsiú faoi chonradh ceithre bliana ó Mheán Fómhair 2014. Seolfar suíomh nua dar teideal Nos.ie an mhí seo, ar a mbeidh iris stíl mhaireachtála ar líne ann gach mí faoi chonradh trí bliana. Tuigtear dom fosta go bhfuil an iris Comhar roghnaithe chun foilseachán liteartha/cúrsaí reatha a sholáthar faoi chonradh trí bliana. Cé go ndearna Foras na Gaeilge próiseas tairisceana poiblí a reáchtáil sna cásanna seo go léir, tuigtear dom nár chuir An tUltach isteach ar aon cheann de na próisis seo.

Is dóigh liom gur forbairtí nua-aoiseacha agus comhaimseartha iad seo a bheidh mar áis iontach chun spreagadh leanúnach a thabhairt do phobal léitheoireachta na Gaeilge.

Top
Share