Skip to main content
Normal View

Inniúlacht sa Ghaeilge sa Státseirbhís

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 9 December 2014

Tuesday, 9 December 2014

Questions (118)

Éamon Ó Cuív

Question:

118. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den an Taoisigh cén líon daoine atá ag obair ina Roinn faoi láthair atá inniúil ar a chuid nó a cuid oibre a dhéanamh trí Ghaeilge; cén céatadán den fhoireann atá i gceist; comparáid a dhéanamh idir na figiúirí sin agus na figiúirí céanna in 2004, 1994, 1984 agus 1974; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [47293/14]

View answer

Written answers

Díríonn obair mo Roinne go príomha ar dhéileálacha leis an Rialtas agus le ranna agus gníomhaireachtaí eile rialtais. Mar thoradh air sin, ní thugaimid leibhéal mór éilimh faoi deara ón bpobal ar sheirbhísí i nGaeilge.

Thug roinnt comhaltaí foirne i mo Roinn le fios go bhfuil roinnt inniúlachta acu sa Ghaeilge agus tá siad inniúil go leor chun réimse seirbhísí a sholáthar i nGaeilge ar chéimeanna áirithe. As na comhaltaí seo, sannadh beirt oifigeach a bhfuil ardleibhéal inniúlachta acu chun seirbhísí a sholáthar don phobal i nGaeilge, agus is leor an líon oifigeach seo chun freastal ar an éileamh reatha.

Top
Share