Skip to main content
Normal View

Scéim Shóisialta na Tuaithe

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 9 December 2014

Tuesday, 9 December 2014

Questions (162)

Éamon Ó Cuív

Question:

162. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den an Tánaiste agus Aire Coimirce Sóisialaí an bhfuil sé i gceist aici rialacha Scéim Shóisialta na Tuaithe a athrú trí riail a chur i bhfeidhm go gcaithfidh an “íocaíocht aonair” a bheith á fáil ag feirmeoir chun go mbeidh sé nó sí i dteideal a bheith rannpháirteach sa scéim. [47268/14]

View answer

Written answers

Déanann an Roinn athbhreithniú rialta ar na rialacha a rialaíonn oibriú a scéimeanna éagsúla fostaíochta lena chinntiú go bhfuil siad oiriúnach don chuspóir agus go léiríonn siad athruithe sa chás go bhféadfaidís impleachtaí a bheith acu i leith rochtana ar scéimeanna áirithe nó oibriú scéimeanna áirithe. Scrúdóidh an Roinn an tsaincheist a thug an Leas-Oifigeach chun solais i gcomhthéacs na rialacha a nuashonrú don Scéim Shóisialta Tuaithe ag féachaint d’aon leasuithe riachtanacha a dhéanamh ar na rialacha go luath in 2015.

Top
Share