Tá seachtar ball foirne i mo Roinn, nó beagnach 2% den líon iomlán fostaithe sa Roinn, in ann a gcuid dualgas a chur i gcrích sa Ghaeilge agus sa Bhéarla araon. Níl aon staitisticí inchomparáide agam do na blianta 2004, 1994, 1984 ná 1974.
Tugtar freagra sa Ghaeilge ar an gcomhfhreagras ar fad a sheoltar don Roinn sa Ghaeilge agus cuirtear aon cheisteanna teileafóin as Gaeilge ar aghaidh chuig duine de na baill foirne atá inniúil sa Ghaeilge. Ós rud é nach gcuireann an Roinn seirbhísí sláinte ar fáil go díreach don phobal, táim sásta go bhfuil dóthain ball foirne sa Roinn atá inniúil sa Ghaeilge. Níl sé ar intinn agam an líon sin a mhéadú ag an am seo, cé go dtugtar deis ar bhonn leanúnach do bhaill foirne reatha feabhas a chur ar a gcuid scileanna sa Ghaeilge.