Skip to main content
Normal View

An Fhoireann Rannach

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 9 December 2014

Tuesday, 9 December 2014

Questions (447)

Éamon Ó Cuív

Question:

447. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil cén líon daoine atá ag obair ina Roinn faoi láthair atá inniúil ar a chuid nó a cuid oibre a dhéanamh trí Ghaeilge; cén céatadán den fhoireann atá i gceist; comparáid a dhéanamh idir na figiúirí sin agus na figiúirí céanna in 2004, 1994, 1984 agus 1974 [47285/14]

View answer

Written answers

Tá thart ar 27 ball foirne (4% den fhoireann) faoi láthair i mo Roinn atá inniúil ar a chuid nó a cuid oibre a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Níl an fhaisnéis atá á lorg maidir le blianta roimhe seo ar fáil.

Táim sásta go bhfuil, ag an am seo, go leor daoine i mo Roinn le hinniúlacht sa Ghaeilge chun na riachtanais faoi Scéim Ghaeilge 2013-2016 na Roinne a chomhlíonadh. Mar chuid de phleanáil d’fhórsa saothair, déantar monatóireacht agus athbhreithniú ar an gcás ar bhonn rialta. Cuireann mo Roinn deiseanna do hoifigigh na Roinne a gcuid scileanna teanga a fheabhsú trí chúrsaí Gaeilge ag leibhéil éagsúla a chur ar fáil.

Top
Share