Skip to main content
Normal View

An Fhoireann Rannach

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 9 December 2014

Tuesday, 9 December 2014

Questions (466)

Éamon Ó Cuív

Question:

466. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha cén líon daoine atá ag obair ina Roinn faoi láthair atá inniúil ar a chuid nó a cuid oibre a dhéanamh trí Ghaeilge; cén céatadán den fhoireann atá i gceist; comparáid a dhéanamh idir na figiúirí sin agus na figiúirí céanna in 2004, 1994, 1984 agus 1974. [47282/14]

View answer

Written answers

Is féidir liom a dheimhniú go bhfuil sé tugtha le fios ag 13 ball foirne i mo Roinn go bhfuil scileanna Gaeilge acu. Is ionann sin agus 5% de líon iomlán na foirne. Ní féidir liom figiúirí a thabhairt do na blianta sular cruthaíodh an Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha sa bhliain 2007.

Top
Share