Mar atá a fhios ag an Teachta, bhí an bád farantóireachta an-tábhachtach fosta i rith an tsamhraidh ach táim ag súil go mbeidh sé ceart go leor. Mar shampla, bhí mé ar Oileán Thoraí den chéad uair i mo shaol coicís ó shin nó mar sin, agus ar Oileán Bhéara agus Inis Arcáin freisin. Tá a fhios agam faoi thábhacht saol na n-oileán agus na dúshláin atá ann. Mar shampla, déanann oibrithe pobail an-obair ar na hoileáin lasmuigh den Ghaeltacht agus tá díospóireacht ar siúl anois i measc m'oifigí sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus i measc oifigí na Roinne Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil fosta faoin infreastruchtúr seo, conas é a chosaint agus a choinneáil. Mar fhocal scoir, tá infreastruchtúr anois ar na hoileáin agus tá an t-infreastruchtúr seo, na haersheirbhísí, mar shampla, fíorthábhachtach. Tá suim mhór agam é a choinneáil agus a chosaint amach anseo.