Skip to main content
Normal View

Seirbhísí Aeir Fóirdheonaithe

Dáil Éireann Debate, Thursday - 11 December 2014

Thursday, 11 December 2014

Questions (217)

Éamon Ó Cuív

Question:

217. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cén uair a lorgófar tairiscintí don tseirbhís aeir go dtí Oileáin Árann; cá fhad a thógfaidh an próiseas tairisceana agus é á chur i gcuntas go mbeidh deireadh leis an gconradh reatha ag deireadh shamhradh 2015; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [47598/14]

View answer

Written answers

Tá mo Roinn i láthair na huaire ag scrúdú tuarascáil EY a rinne athbhreithniú ar an tseirbhís aeir d'Oileáin Árann. Beidh an scrúdú sin críochnaithe go luath agus déanfar cinneadh faoin tseirbhís aeir ina dhiaidh sin. Tá an cur chuige maidir le fógraíocht agus eile do sheirbhísí mar seo leagtha síos i Rialacháin an Aontais Eorpaigh 1008/2008. Beidh mo Roinn ag cloí leis na rialacháin sin agus tairiscintí á lorg i leith na seirbhíse aeir. Ní miste a nótáil go bhfuil conradh i bhfeidhm don tseirbhís aeir go dtí 30 Meán Fómhair 2015.

Top
Share