Skip to main content
Normal View

Inniúlacht sa Ghaeilge sa Státseirbhís

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 16 December 2014

Tuesday, 16 December 2014

Questions (174)

Éamon Ó Cuív

Question:

174. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den an Tánaiste agus Aire Coimirce Sóisialaí an bhfuil iniúchadh déanta fós ar na poist agus na réimsí oibre ina mbeidh státseirbhísigh atá inniúil sa Bhéarla agus sa Ghaeilge ag teastáil, de réir mar a thug an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe treoir don Roinn a dhéanamh; má tá an t-iniúchadh déanta, cad é líon agus cad iad céimeanna na bpost atá i gceist; cén líon de na poist sin a bhfuil duine leis an gcumas cuí Gaeilge agus Béarla ann cheana féin; cén plean atá ann chun na poist eile a líonadh le daoine a bhfuil na cáilíochtaí cuí acu; cén cháilíocht Ghaeilge atá riachtanach do na poist sin; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [48380/14]

View answer

Oral answers (1 contributions)

Tá sé beartaithe ag an Roinn tabhairt faoi iniúchadh go luath an bhliain seo chugainn chun na poist shonracha a shainaithint ina dteastaíonn feidhm dhátheangach.

Thug an Roinn faoi shuirbhé chun an fhoireann a shainaithint atá toilteanach agus in ann seirbhísí trí Ghaeilge a sholáthar agus chuir siad bearta i bhfeidhm lena chinntiú go bhfreastalaítear ar aon chustaiméir ar mian leis nó léi a c(h)uid gnó a dhéanamh trí Ghaeilge”.

Top
Share