Skip to main content
Normal View

An Fhoireann Rannach

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 16 December 2014

Tuesday, 16 December 2014

Questions (259)

Éamon Ó Cuív

Question:

259. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe an bhfuil iniúchadh déanta fós ar na poist agus na réimsí oibre ina mbeidh státseirbhísigh atá inniúil sa Bhéarla agus sa Ghaeilge ag teastáil, de réir mar a thug an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe treoir don Roinn a dhéanamh; má tá an t-iniúchadh déanta, cad é líon agus cad iad céimeanna na bpost atá i gceist; cén líon de na poist sin a bhfuil duine leis an gcumas cuí Gaeilge agus Béarla ann cheana féin; cén plean atá ann chun na poist eile a líonadh le daoine a bhfuil na cáilíochtaí cuí acu; cén cháilíocht Ghaeilge atá riachtanach do na poist sin; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [48379/14]

View answer

Written answers

Mar fhreagra ar cheist an Theachta, is féidir liom a dhearbhú go bhfuil de chumas ag ochtar ball foirne obair na Roinne a dhéanamh trí Ghaeilge.  B'fhéidir go bhfuil cuma íseal ar an bhfigiúr seo, ach is cinnte gur leor é chun freastal a dhéanamh ar riachtanais na heagraíochta.  Mar gheall ar an ról ata aici, ni bhíonn mórán plé ag mo Roinn leis an ngnáth-phobal, cur i gcás i gcomhthéacs scéimeanna nó seirbhísí dírithe ar dhaoine aonair a sholáthar.  Mar sin féin, déanann mo Roinn monatóireacht ar an éileamh atá ar a cuid seirbhísí trí mhéan na Gaeilge chun a chinntiú go gcomhlíontar é.  Níl aitheantas tugtha do aon phoist nó réimsí oibre faoi mo chúram go mbeadh gá acu le oifigigh atá inniúil sa dá theanga.

Top
Share