Skip to main content
Normal View

An Fhoireann Rannach

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 16 December 2014

Tuesday, 16 December 2014

Questions (384)

Éamon Ó Cuív

Question:

384. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais an bhfuil iniúchadh déanta fós ar na poist agus na réimsí oibre ina mbeidh státseirbhísigh atá inniúil sa Bhéarla agus sa Ghaeilge ag teastáil, de réir mar a thug an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe treoir don Roinn a dhéanamh; má tá an t-iniúchadh déanta, cad é líon agus cad iad céimeanna na bpost atá i gceist; cén líon de na poist sin a bhfuil duine leis an gcumas cuí Gaeilge agus Béarla ann cheana féin; cén plean atá ann chun na poist eile a líonadh le daoine a bhfuil na cáilíochtaí cuí acu; cén cháilíocht Ghaeilge atá riachtanach do na poist sin; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [48378/14]

View answer

Written answers

Níl iniúchadh foirmeálta déanta fós ag mo Roinn ar na poist agus na réimsí oibre ina mbeidh státseirbhísigh atá inniúil sa Bhéarla agus sa Ghaeilge ag teastáil. Cé go bhfuil post amháin ag an Roinn faoi láthair, mar Aistritheoir, a bhfuil sé riachtanach go mbeadh sealbhóir an phoist sin dátheangach go feidhmiúil sa Ghaeilge agus sa Bhéarla, seolfaidh mo Roinn iniúchadh sa bhliain 2015 i dteannta mheasúnú leanúnach na Roinne ar riachtanais foirnithe faoin gcreat pleanála fórsa oibre. Ar ndóigh, tá dul chun cinn sa réimse seo ag brath ar líon na ndaoine san earnáil phoiblí agus sriantachtaí earcaithe a chomhlíonadh.

Ina theannta sin, measann an Roinn gur mór an cúnamh é cohórt de bhreis is 50 oifigeach atá ar fáil chun seirbhísí a sholáthar (is é sin, ceisteanna agus fiosruithe a fhreagairt) as Gaeilge, don Roinn, a bheith á chothabháil aici, go háirithe ag cur san áireamh leibhéal na gceisteanna agus na bhfiosruithe as Gaeilge a fhaigheann mo Roinn.

Top
Share