Skip to main content
Normal View

Seirbhísí Sláinte

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 16 December 2014

Tuesday, 16 December 2014

Questions (514, 515, 516, 517)

Caoimhghín Ó Caoláin

Question:

514. D'fhiafraigh Deputy Caoimhghín Ó Caoláin den Aire Sláinte an dtabharfaidh sé cuntas ar líon iomlán na nglaonna ar otharcharranna i gConamara le cúig bliana anuas agus an dtabharfaidh sé léiriú ar an am a glaodh ar na seirbhísí éigeandála, an fad a thóg sé orthu teacht chuig an láthair agus an fad a thóg sé dul chuig an ospidéal; cén líon daoine a bhásaigh sna cásanna sin; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [48383/14]

View answer

Caoimhghín Ó Caoláin

Question:

515. D'fhiafraigh Deputy Caoimhghín Ó Caoláin den Aire Sláinte an dtabharfaidh sé cuntas ar líon na nglaonna ar an Aerárthach Othar chuig Conamara ó thosaigh an tseirbhís sin; cad iad na háiteanna a raibh an tseirbhís de dhíth orthu; cén fad ó glaodh orthu go bhfuair an t-othar cóir leighis agus cén fad ama a caitheadh go dtí go raibh siad ag an ospidéal. [48384/14]

View answer

Caoimhghín Ó Caoláin

Question:

516. D'fhiafraigh Deputy Caoimhghín Ó Caoláin den Aire Sláinte an bhfuil riachtanas ann go mbeadh beirt pharamhíochaineoir i ngach otharcharr; an nglactar le paramhíochaineoir agus teicneoir míochaine éigeandála, nó tiománaí, i gcás práinne ó thaobh an otharchairr phobail de. [48385/14]

View answer

Caoimhghín Ó Caoláin

Question:

517. D'fhiafraigh Deputy Caoimhghín Ó Caoláin den Aire Sláinte an bhfuil aon chlár nó tacaíocht ann chun oibrithe deonacha a oiliúnt mar pharamhíochaineoirí; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [48386/14]

View answer

Written answers

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 514 go 517 le chéile.

Toisc go mbaineann na ceisteanna seo le seirbhísí, cuireadh ar aghaidh iad go dtí Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (HSE) chun freagra díreach a sholáthar. Muna bhfuil freagra ón HSE faighte agat laistigh de 15 lá oibre déan teagmháil le do thoil le m’Oifig Phríobháideach agus déanfaidh siadsan fiosrúcháin leo faoin scéal.

Top
Share