Skip to main content
Normal View

An Fhoireann Rannach

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 16 December 2014

Tuesday, 16 December 2014

Questions (541)

Éamon Ó Cuív

Question:

541. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála an bhfuil iniúchadh déanta fós ar na poist agus na réimsí oibre ina mbeidh státseirbhísigh atá inniúil sa Bhéarla agus sa Ghaeilge ag teastáil, de réir mar a thug an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe treoir don Roinn a dhéanamh; má tá an t-iniúchadh déanta, cad é líon agus cad iad céimeanna na bpost atá i gceist; cén líon de na poist sin a bhfuil duine leis an gcumas cuí Gaeilge agus Béarla ann cheana féin; cén plean atá ann chun na poist eile a líonadh le daoine a bhfuil na cáilíochtaí cuí acu; cén cháilíocht Ghaeilge atá riachtanach do na poist sin; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [48375/14]

View answer

Written answers

Tá mo Roinn go h-iomlán tiomanta do sheirbhísí trí Ghaeilge a sholáthar agus freagraí a thabhairt ar chomhfhreagras trí Ghaeilge nuair atá siad de dhíth. Is iad Oifig na bPasanna agus an Rannán Consalachta na príomh rannóga ina mbíonn idirghabháil idir an Roinn agus an pobal agus tá riachtanais acu i dtaca le hoifigigh le scileanna Gaeilge. Freisin, tá riachtanais ghinearálta tríd an Roinn i dtaca le hoifigigh atá ábalta deileáil le comhfhreagras agus fiosrúcháin trí Ghaeilge.

Cuireadh iniúchadh scileanna i gcrích in 2012 a thaispeáin go bhfuil scileanna Gaeilge ar chaighdeán líofa nó ardleibhéal ag 55 oifigeach i mo Roinn, agus dhearbhaigh 160 oifigeach eile go bhfuil scileanna Gaeilge acu ar chaighdeán idirmheánach; is é seo timpeall ar 20% den fhoireann bhuan ag ceanncheathrú na Roinne.

Cuirtear ranganna Gaeilge ar fáil go rialta go hinmheánach i mo Roinn agus, ó 2010 go 2014, chláraigh 200 oifigeach chun freastal ar na ranganna seo. Tá ranganna Gaeilge seancheaptha, inmheánach ar fáil in Oifig na bPasanna i gCorcaigh agus beidh siad ar fáil go luath in Oifig na bPasanna ar Shráid Theach Laighean. Spreagtar oifigigh na Roinne chun a scileanna Gaeilge a fhorbairt ina n-am féin agus tá mo Roinn sásta chun tacú le agus maoiniú a thabhairt do na hiarrachtaí seo.

Top
Share