Skip to main content
Normal View

An Fhoireann Rannach

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 16 December 2014

Tuesday, 16 December 2014

Questions (617)

Éamon Ó Cuív

Question:

617. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil an bhfuil iniúchadh déanta fós ar na poist agus na réimsí oibre ina mbeidh státseirbhísigh atá inniúil sa Bhéarla agus sa Ghaeilge ag teastáil, de réir mar a thug an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe treoir don Roinn a dhéanamh; má tá an t-iniúchadh déanta, cad é líon agus cad iad céimeanna na bpost atá i gceist; cén líon de na poist sin a bhfuil duine leis an gcumas cuí Gaeilge agus Béarla ann cheana féin; cén plean atá ann chun na poist eile a líonadh le daoine a bhfuil na cáilíochtaí cuí acu; cén cháilíocht Ghaeilge atá riachtanach do na poist sin; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [48373/14]

View answer

Written answers

Mar chuid dá Phleanáil d’Fhórsa Saothair, rinne mo Roinn imscrúdú ar líon na bpost ina bhfuil inniúlacht sa Ghaeilge agus sa Bhéarla ag teastáil. Fuarthas nach bhfuil poist den chineál sin sa Roinn, ag an am seo, agus dá bhrí sin níl aon phoist faoi leith ainmnithe le riachtanas dátheangach. Tá é seo tugtha le fios don Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.  Mar chuid de phleanáil leanúnach d’fhórsa saothair, déantar monatóireacht agus athbhreithniú ar an gcás ar bhonn rialta Tá thart ar 27 ball foirne faoi láthair i mo Roinn atá inniúil ar a chuid nó a cuid oibre a dhéanamh trí mheán na Gaeilge agus is féidir na baill seo a dhíriú chuig réimsí oibre faoi leith ina bhfuil gá le Gaeilge agus / nó Béarla nuair is gá. Leanfaidh mo Roinn ag soláthar deiseanna do bhaill foirne a gcuid scileanna Gaeilge a fheabhsú  trí oiliúint teanga ag leibhéil éagsúla a chur ar fáil.

Question No. 618 answered with Question No. 591.
Top
Share